Braitheann Airbnb go bhfuil freagracht mhór air freastal ar a phobal, ina measc sin Óstaigh, aíonna, comhpháirtithe agus daoine eile a úsáideann ár n-ardán agus ár seirbhísí, nó a thagann orthu. Gné amháin den fhreastal a dhéanaimid ar ár bPobal is ea ár dtrádmharcanna agus ár mbranda a chosaint. Ní theastaíonn uainn go mbeadh mearbhall ar ár bPobal ná ar aon duine eile cé acu atá rud éigin formhuinithe, rialaithe nó údaraithe againn nó nach bhfuil. Dearadh na Treoirlínte seo chun ár mbranda a chosaint, agus chun cabhrú leat eolas faoi Airbnb a roinnt go freagrach.
Is cuid dár dTéarmaí Seirbhíse iad na Treoirlínte seo. Trí úsáid a bhaint as aon cheann de sheirbhísí Airbnb, tá tú ag aontú leis na Treoirlínte seo, lenár dTéarmaí Seirbhíse, agus lenár bpolasaithe eile.
I measc trádmharcanna Airbnb, tá ainm Airbnb, lógó Airbnb, lógó Bélo, suaitheantas an tSáróstaigh agus Aircover, chomh maith le gach focal, mana, deilbhín, lógó, grafaic, dearadh agus táscaire eile a shainaithníonn Airbnb, na heintitis atá bainteach leis, nó a sheirbhísí nó a tháirgí. Tá an-iarracht déanta againn chun a chinntiú go bhfuil gach rud a chuirimid ar fáil duit ar an gcaighdeán is airde, agus léiríonn ár mbranda na hiarrachtaí sin. Sin é an fáth a gcosnaímid ár mbrandaí go forleathan, trínár dtrádmharcanna agus ár dtrád-dealramh sna Stáit Aontaithe agus ar fud an domhain a chlárú.
NÍL cead agat lógó Airbnb, lógó Bélo ná trádmharcanna, lógónna ná deilbhíní ar bith de chuid Airbnb a úsáid mura bhfuil cead foirmiúil scríofa agat ó fhoirne cuí gnó nó dlíthiúla Airbnb, Inc. Is é an t-aon eisceacht na húsáidí teoranta de “Airbnb” a shonraítear i Rannóg 2 thíos.
Rudaí is ceart a dhéanamh
Rudaí NÁR ceart a dhéanamh
Samplaí
Go hiontach! | Ní hea... |
Bob’s Best Island Rental | Airbnbike |
Red's Rental Cleaning | Sunbnb nó Sun Bnb |
Anna's Island Escape | Múinteoir BNB |
rentmyskihaus.com | Bikebandb nó Bikeb&b |
Bike and Stay Rentals | nicebnb.com |
STR Management Co | airmansion |
Is féidir leat labhairt faoi Airbnb (an chuideachta) nó “Airbnb” a úsáid chun cur síos fíorasach a dhéanamh ar a bhfuil á thairiscint agat. Mas é seo atá i gceist i do chás féin, cloígh leis na treoirlínte seo a leanas i gcónaí:
Rudaí is ceart a dhéanamh
Rudaí NÁR ceart a dhéanamh
Rudaí is ceart a dhéanamh
Rudaí NÁR ceart a dhéanamh
Samplaí
Ceart: Fíorasach agus Tuairisciúil | Mícheart: Mearbhlach, Míthreorach |
Is Cuideachta Bainistíochta Réadmhaoine muid a dhéanann speisialtóireacht ar liostuithe Airbnb | Is Cuideachta Bainistíochta Airbnb muid |
Soláthraímid seirbhísí gairmiúla glantacháin do réadmhaoine Airbnb | Seirbhísí gairmiúla glantacháin Airbnb |
Mo Chuid Leideanna maidir le bheith i d'Óstach Airbnb | Clár Oiliúna Airbnb |
Is fada liom go mbeidh mé i m'Óstach Airbnb | Táimid ag Airbnb-áil ár dtí |
Rinne mé iarratas ar phost ag Airbnb | D'Airbnb-áil muid an teach iontach seo |
Grúpa Meán Sóisialta d'Óstaigh Airbnb | Grúpa Óstach Airbnb [i g Cathair/i dTír] |
Más mian leat do chuideachta bainistíochta lóistíní ar chíos gearrthéarmach a fhógairt, baineann na treoirlínte thuas leat freisin. Ná déan dearmad ach an oiread gan “Chuideachta Bainistíochta Airbnb” a thabhairt ort féin nó “caidreamh eisiach” le Airbnb a mhaíomh, rud a d'fhéadfadh mearbhall a chur ar úsáideoirí agus a d'fhágfadh go gceapfaidís go bhfuil comhcheangal agat le Airbnb. Is féidir leat a lua go mbainistíonn tú nó go seirbhísíonn tú tithe atá liostaithe ar Airbnb, ach níor cheart go mbeadh Airbnb ina phríomhghné ar do láithreán gréasáin nó ar aon ábhar fógraíochta eile.
Má tá láithreán gréasáin agat, ní mór duit nochtadh feiceálach mar seo a leanas a chur ar do láithreán gréasáin, “is tríú páirtí neamhspleách é [ainm do chuideachta] agus ní thacaíonn Airbnb, Inc. ná a chleamhnaithe leis agus ní bhaineann Airbnb, Inc. ná a chleamhnaithe leis”. Má tá áiritheoir tuillimh, foirm theagmhála nó aon sonraí úsáideora eile gafa ar do láithreán gréasáin, taispeáin an séanadh go feiceálach thíos faoin gcnaipe CTA.
Ní mór do chomhpháirtithe cead i scríbhinn a bheith acu chun ár dtrádmharcanna a úsáid. Má tá cead agat ár dtrádmharcanna a úsáid, ceanglaítear ort cloí leis na treoirlínte branda is déanaí a sholáthraíonn do phointe teagmhála in Airbnb atá ábalta aon cheist maidir leis na treoirlínte sin nó le treoirlínte breise a fhreagairt.